Féile na Gealaí 2023

An Chéad Ghlúin Éile agus Cairde aka Bláth na hÓige ag Féile na Gealaí 2023 agus TUILLEADH!

Féile na Gealaí 2023
Cathal Ó Curráin, Máire Ní Churraoin agus Étáin Ní Churraoin ar stáitse ag Féile na Gealaí 2023 [Cathal Mac an Bheatha]

Féile na Gealaí 2023 

Gaeltacht Ráth Chairn • 9 Meitheamh - 11 Meitheamh 2023

An Chéad Ghlúin Eile agus Cairde 

Dé Sathairn • 10 Meitheamh 2023 • Ráth Chairn

Ar Shatharn na féile, théis dhúinn AN-SULT a bhaint as Aoine na Féile, chas muid ar an bpríomhstáitse lenár gcairde ó Bhláth na hÓige! Inár dteannta ar stáitse, chas agus cheol Cathal Ó Curráin, Megan Nic Ruairí, Síle Denvir agus Séamus Ó Flatharta! Bhí an-chraic againn ar stáitse lena chéile! IS BREÁ LINN FÉILE NA GEALAÍ!

Leagan Béarla / English Version

On the Saturday of the festival, after a FABULOUS Friday at the festival, we sang on the main stage with our friends from Bláth na hÓige! Singing and playing music alongside us on stage were Cathal Ó Curráin, Megan Nic Ruairí, Síle Denvir and Séamus Ó Flatharta! WE LOVE FÉILE NA GEALAÍ!

An Cheardlann Amhránaíochta

Dé Sathairn • 11 Meitheamh 2023 • Ráth Chairn

Ar maidin Shathairn na féile, d'éirigh Étáin agus Máire go moch ar maidin le bualadh le gasúir óga a raibh fonn orthu chuile dhuine i Ráth Chairn a dhúiseacht lena gcuid amhránaíochta! Mhúin muid amhráin éagsúla dhóibh agus muid ag siúl na mbóithre go ceolmhar!

Níor chuir an bháisteach isteach ná amach orainn! Thaithne an cheardlann amhránaíochta GO MÓR linn!

Leagan Béarla / English Version 

On the Saturday morning of the festival, Étáin and Máire woke uo bright and early to meet children who were in the mood to wake up everyone in Ráth Chairn with their singing! We taught them various songs as we walked the roads musically in the rain! The rain didn't bother us in the SLIGHTEST! We REALLY enjoyed hosting the singing workshop!