Máire Bríd

Máire Bríd
Pictiúr le Cathal Mac an Bheatha :)

Máire Bríd Ní Churraoin

Amhránaí . Cainteoir Dúchais Gaeilge . Taighdeoir Ealaíonta . Láithreoir Teilifíse . Cruthaitheoir Ábhair Ghaeilge.

Is cainteoir dúchais Gaeilge, amhránaí ar an Sean-Nós agus láithreoir teilifíse í Máire Ní Churraoin ó Ghaeltacht Ráth Chairn glas gréine na Mí. Is taighdeoir ealaíonta agus cruthaitheoir ábháir Ghaeilge í Máire freisin [@maire_nichurraoin ar Instagram agus @maire_na_greine ar ThikTok]. Tá an-ghrá aici do shaibhreas agus chruinneas na Gaeilge agus do na hamhráin ar an Sean-Nós. Bhí Máire ina hambasadóir ag Ealaín na Gaeltachta d'Oíche Chultúir 2022.

Théis di céim a bhaint amach sa Nua-Ghaeilge agus i nDiagacht in Ollscoil Mhá Nuad agus i gColáiste Naomh Pádraig Má Nuad, thug sí faoin MA in Ollscoil Mhá Nuad. Faoi stiúr an Ollaimh Tríona Ní Shíocháin, chur Máire di an mháistreacht ealaíonta sa Nua-Ghaeilge agus sna Taibhealaíona. Rinne Máire taighde ealaíonta ar an amhránaíocht ar an Sean-Nós trí mheán na hamhránaíochta. Tá an-mheas aici ar mhná anaithnide an traidisiúin bhéil. Tá sé ar intinn ag Máire tabhairt faoin dochtúireacht ealaíonta ar an amhránaíocht amach anseo faoi stiúr na banríona [An Dr Tríona Ní Shíocháin].

Leagan Béarla / English Version

Máire Ní Churraoin is a native Irish speaker, Sean-Nós singer agus TV presenter from the Ráth Chairn Gaeltacht in Meath. She's also an Artistic Researcher and Irish Content Creator [Instagram: @maire_nichurraoin & TikTok: @maire_na_greine]. Máire has a great love and appreciation for the depth and richness of the Irish language and Sean-Nós [meaning: Old Style] songs. Máire was Ealaín na Gaeltachta's Culture Night ambassador in 2022.

After completing her Bachelors Degree in Modern Irish & Theology in Maynooth University and St Patrick's Pontifical College Maynooth, Máire completed her Masters in Maynooth University. Guided by An Dr Tríona Ní Shíocháin, Máire did her artistic masters in Modern Irish and Performing Arts. Following the school of Artistic Research, Máire studied the art of Sean-Nós singing and used her own voice to do so. She has great respect for the unknown women of the Irish oral tradition. Máire intends to do her PhD on Sean-Nós singing in the future under THE QUEEN An Dr Tríona Ní Shíocháin! Stay Tuned x 

Is iomaí duais amhránaíochta ar an Sean-Nós atá gnóite ag Máire go háitiúil [Féile na Mí faoi 9, 12, 15, 18 agus Comórtas na nDaoine Fásta] agus go náisiúnta [Oireachtas na Samhna faoi 15]. Bhain sí fhéin agus a deirfiúr álainn Étáin an chéad áit amach i gcomórtas teaghlaigh TG4 Réalta agus Gaolta i 2019.

Bhunaigh Máire agus Nathan Grant an banna ceoil idirnáisiúnta AYDA i 2022. Bunaíodh an banna ar mhaithe le gabháil a cheol agus a ghabháil fhoinn ar fud fad na hEorpa agus an domhain mhóir! Tádar théis a bheith i mBarcelona faoi dhó agus san Eilbhéis!

Leagan Béarla / English Version

Máire has won numerous Sean-Nós singing prizes at a local level [Féile na Mí Under 9s, 12s, 15s, 18s & Adults] and at a national level [Oireachtas na Samhna Under 15s]. She and her fabulous sister Étáin won TG4's family talent show 'Réalta agus Gaolta' in 2019.

Máire and Nathan Grant formed their international band AYDA in 2022. They formed their banna to travel and sing around Europe and the big bad world! They've gigged in Barcelona twice and in Switzerland!

Ainmníodh Máire Bríd in onóir naomhphátrún na hÉireann, Naomh Bríd. In omós an naoimh agus an lá saoire bainc nua in Éirinn, chraolaigh TG4 clár faisnéise Ardóidh Mé Mo Sheol ar Naomh Bríd i 2023. Ar an gclár, rinne Máire plé ar thionchar Naomh Bríd ar a saol mar bhean óg agus ar thábhacht na mná agus an lá saoire bainc do mhuintir na hÉireann.  

Leagan Béarla / English Version

Máire Bríd was named after Naomh Bríd [Saint Brigid], the patron saint of Ireland. In honour of the saint and to celebrate Ireland's new bank holiday, TG4 broadcasted their new documentary on St Brigid 'Ardóidh Mé Mo Sheol' in 2023. On the programma, Máire discussed St Brigid's influence on her life as a young woman and the importance of the saint and the new bank holiday alike for the Irish nation.

Ardóidh mé mo Sheol - Lá le Bríde 2023 - Ardóidh mé mo Sheol - Lá le Bríde 2023 - Brighid i gCeatharlach | Player | TG4 | Irish Television Channel, Súil Eile
Síle Ní Bhraonáin and Eoghan Ó Ceannabháin guide us through a musical celebration of Brigid, both goddess & saint on this first bank holiday weekend in her honour.
Meath women to feature in documentary about St. Brigid | Meath Chronicle