Bláth na hÓige ag an Temple Bar Trad Fest 2023
Ceolchoirm mhór sa bPepper Cannister lenár gcairde ó Bhláth na hÓige!
Temple Bar TradFest 2023
27 Mí Eanáir 2023 • Pepper Cannister Church
Scéal fada ACH is BREÁ linn Bláth na hÓige! Sa tsraith theilifíse dár teideal 'Bláth na hÓige' tugadh an deis dúinn agus d'amhránaithe Ghaeltachta óga eile ó chuile chearn den tír am a chaitheamh lena chéile. Chuir muid aithne ar a chéile agus d'fhoghlaim muid óna chéile trí mheán an cheoil. Chaith muid seachtain SPEISIALTA thiar i gConamara le Megan Nic Ruairí, Cathal Ó Curráin, Piaras Ó Lorcáin, Séamus Ó Flatharta, Caoimhe Ní Fhlatharta agus Méabh Ní Bheaglaíoch i gConamara, faoi stiúir Shíle Denvir agus Choilm Mhic an Iomaire! Faoi dheireadh na seachtaine bhí albam agus sraith theilifíse taifeadta againn i Stiúideo Cuan le daoine nach raibh ach "aithne insta" againn orthu roimh ré!
Ba dhraíochtúil an chéad cheolchoirm a chur muid dhínn i Séipéal an Phepper Cannister i mBaile Átha Cliath mar chuid d'Fhéile Traidisiúnta Temple Bar! B'shin an chéad uair dhúinn uilig na hamhráin a d'fhoghlaim agus a thaifead muid thiar i gConamara a chur os comhair lucht éisteachta!
Díoladh na ticéid uilig don oíche mhór agus rinneadh taifead ar an gceolchoirm fhéin! Is féidir breathnú ar an gceolchoirm leis an nasc thíos!
Leagan Béarla / English Version
LONG STORY but WE LOVE BLÁTH na hÓIGE! The series titled 'Bláth na hÓige' [meaning: The Flower of Youth] gave us and other young Gaeltacht singers from all over the country the chance to spend time together. We got to know one another and learnt from one another through music. We spent a SPECIAL week in Conamara with Megan Nic Ruairí, Cathal Ó Curráin, Piaras Ó Lorcáin, Séamus Ó Flatharta, Caoimhe Ní Fhlatharta and Méabh Ní Bheaglaíoch under the direction of Síle Denvir and Colm Mac an Iomaire! By the end of the week, we had recorded an album and a TV series in Stiúideo Cuan with people we'd only known on Instagram before!
Our first concert in the Pepper Cannister Church as part of Temple Bar's Trad Fest was MAGICAL! This was our first time performing the songs we had learned and recorded out west in Conamara to a live audience!
The concert was sold out and was recorded! You can watch the concert via the link below!