Étáin Áine Ní Churraoin
Amhránaí ar an Sean-Nós . Teagascóir Gaeilge & Teagasc Críostaí
Hello!
Is cainteoir dúchais Gaeilge í Étáin Ní Churraoin ó Ghaeltacht Ráth Chairn glas gréine na Mí. Is amhránaí ar an Sean-Nós agus múinteoir Gaeilge agus Teagasc Críostaí í freisin. Rugadh agus tógadh Étáin i nGaeltacht Ráth Chairn le grá don amhránaíocht ar an Sean-Nós ó aois an-óg. Is iomaí duais amhránaíochta atá gnóite aici ó bhí sí 8 mbliana d'aois. Ghnóthaigh Étáin a céad chomórtas amhránaíochta ag Féile na Mí faoi 9 agus ghnóthaigh faoi 12, 15 agus 18 anuas ar Chomórtas na nDaoine Fásta le blianta beaga anuas. Bhain sí an chéad áit amach san amhránaíocht ar an Sean-Nós ag Oireachtas na Samhna faoi 12 agus thug abhaile léi Corn Dharach Uí Chatháin (deartháir lena mamó).
Agus í i Rang a Cúig, chas Étáin ar an teilifís den chéad uair i gcomórtas teilifíse TG4 GlasVegas. Chas sí Amhrán Ráth Chairn ó pheann Chiaráin Uí Fhatharta ar Logainm TG4 i 2016.
Bhain Étáin agus a deirfiúr Máire an chéad amach i gcómortas teilifíse TG4 Réalta agus Gaolta i 2019. I dteannta a deirféar, tá Étáin théis casadh ar chláir theilifíse ar nós FleadhTV, Bailte, Ceol Ó Kylemore, Cleas Act, Nuaíocht an Oireachtais, The Tommy Tiernan Show agus Bláth na hÓige.
Bhunaigh Étáin agus a deirfiúr Máire a mbanna ceoil An Chéad Ghlúin Eile i 2017 agus tádar ag gabháil ó neart go neart ó shin!