Máire Bríd Ní Churraoin

Amhránaí . Cainteoir Dúchais Gaeilge . Taighdeoir Ealaíonta . Láithreoir Teilifíse . Cruthaitheoir Ábhair Ghaeilge.

Hello!

Is cainteoir dúchais Gaeilge, amhránaí ar an Sean-Nós agus láithreoir teilifíse í Máire Ní Churraoin ó Ghaeltacht Ráth Chairn glas gréine na Mí. Is taighdeoir ealaíonta agus cruthaitheoir ábháir Ghaeilge í Máire freisin [@maire_nichurraoin ar Instagram agus @maire_na_greine ar ThikTok]. Tá an-ghrá aici do shaibhreas agus chruinneas na Gaeilge agus do na hamhráin ar an Sean-Nós. Bhí Máire ina hambasadóir ag Ealaín na Gaeltachta d'Oíche Chultúir 2022.

Théis di céim a bhaint amach sa Nua-Ghaeilge agus i nDiagacht in Ollscoil Mhá Nuad agus i gColáiste Naomh Pádraig Má Nuad, thug sí faoin MA in Ollscoil Mhá Nuad. Faoi stiúr an Ollaimh Tríona Ní Shíocháin, chur Máire di an mháistreacht ealaíonta sa Nua-Ghaeilge agus sna Taibhealaíona. Rinne Máire taighde ealaíonta ar an amhránaíocht ar an Sean-Nós trí mheán na hamhránaíochta. Tá an-mheas aici ar mhná anaithnide an traidisiúin bhéil. Tá sé ar intinn ag Máire tabhairt faoin dochtúireacht ealaíonta ar an amhránaíocht amach anseo faoi stiúr na banríona [An Dr Tríona Ní Shíocháin].

Is iomaí duais amhránaíochta ar an Sean-Nós atá gnóite ag Máire go háitiúil [Féile na Mí faoi 9, 12, 15, 18 agus Comórtas na nDaoine Fásta] agus go náisiúnta [Oireachtas na Samhna faoi 15]. Bhain sí fhéin agus a deirfiúr álainn Étáin an chéad áit amach i gcomórtas teaghlaigh TG4 Réalta agus Gaolta i 2019.

Bhunaigh Máire agus Nathan Grant an banna ceoil idirnáisiúnta AYDA i 2022. Bunaíodh an banna ar mhaithe le gabháil a cheol agus a ghabháil fhoinn ar fud fad na hEorpa agus an domhain mhóir! Tádar théis a bheith i mBarcelona faoi dhó agus san Eilbhéis!

Ainmníodh Máire Bríd in onóir naomhphátrún na hÉireann, Naomh Bríd. In omós an naoimh agus an lá saoire bainc nua in Éirinn, chraolaigh TG4 clár faisnéise Ardóidh Mé Mo Sheol ar Naomh Bríd i 2023. Ar an gclár, rinne Máire plé ar thionchar Naomh Bríd ar a saol mar bhean óg agus ar thábhacht na mná agus an lá saoire bainc do mhuintir na hÉireann.